13 Rinne sé ceithre fáinní óir dó agus ghreamaigh na fáinní do na ceithre cúinní mar a raibh na cosa.
14 Bhí na fáinní i gcóngar na dteanntóg d'fhonn na cuaillí a choimeád chun an bord a iompar.
15 D'adhmad sitím a rinne sé na cuaillí chun an bord a iompar agus chumhdaigh sé iad le hór.
16 Rinne sé na gréithe don bhord d'ór fíre - miasa, umair thúise, cuacha, agus crúscaí ofrála dí.
17 Rinne sé an coinnleoir chomh maith d'ór fíre; bhí an coinnleoir idir bhonn agus chrann d'obair bhuailte, agus a chupáin idir chailís agus bheangáin d'aon phíosa leis.
18 Bhí sé ghéag amach as a chliatháin, trí ghéag den choinnleoir as taobh de agus trí ghéag as taobh eile.
19 Bhí trí cupáin ar an gcead ghéag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; bhí trí cupáin chomh maith ar an dara géag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; mar an gcéanna leis na sé géaga amach as an gcoinnleoir.