18 Bhí sé ghéag amach as a chliatháin, trí ghéag den choinnleoir as taobh de agus trí ghéag as taobh eile.
19 Bhí trí cupáin ar an gcead ghéag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; bhí trí cupáin chomh maith ar an dara géag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; mar an gcéanna leis na sé géaga amach as an gcoinnleoir.
20 Ar an gcoinnleoir féin bhí ceithre cupáin ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin:
21 mar seo - cailís faoin gcéad dá ghéag as an gcoinnleoir amach, ceann faoin gcéad chúpla eile agus ceann faoin gcúpla deiridh, ag teacht leis na sé géaga as an gcoinnleoir amach.
22 Bhí na cailísí agus na géaga d'aon phíosa leis an gcoinnleoir, agus an t‑iomlán ina aon phíosa de obair bhuailte óir fíre.
23 Rinne sé a sheacht lampaí ansin, a smóladáin agus a shileadáin d'ór fíre.
24 Chaith sé tallann d'ór fíre leis an gcoinnleoir agus lena ghréithe a dhéanamh.