2 Chumhdaigh sé d'ór fíre í laistigh agus lasmuigh agus chuir múnlail óir mórthimpeall uirthi.
3 Theilg sé ceithre fáinní óir don áirc agus chuir faoina ceithre cosa iad - dhá fháinne ar thaobh agus dhá fháinne ar thaobh eile.
4 Rinne sé cuaillí de chrann sitím agus chumhdaigh iad d'ór.
5 Chuir sé na cuaillí sna fáinní ar thaobhanna na háirce chun an áirc a iompar.
6 Rinne sé cathaoir thrócaire d'ór fíre, dhá bhanláimh go leith ar fad, agus banlámh go leith ar leithead.
7 Do dhá cheann na cathaoireach rinne sé dhá cheiribín óir bhuailte,
8 ceiribín do cheann agus an ceiribín eile don cheann eile, agus ghreamaigh iad araon ar a dhá ceann agus iad d'aon phíosa le cathaoir na trócaire.