22 Bhí na cailísí agus na géaga d'aon phíosa leis an gcoinnleoir, agus an t‑iomlán ina aon phíosa de obair bhuailte óir fíre.
23 Rinne sé a sheacht lampaí ansin, a smóladáin agus a shileadáin d'ór fíre.
24 Chaith sé tallann d'ór fíre leis an gcoinnleoir agus lena ghréithe a dhéanamh.
25 Rinne sé altóir na túise d'adhmad sitím. Bhí sí banlámh ar fad, banlámh ar leithead; comhfad comhleithead is é sin, agus dhá bhanláimh ar airde; bhí a beanna d'aon phíosa léi.
26 Rinne sé í a chumhdach d'ór fíre - a barr, a cliatháin timpeall agus a beanna, agus í a mhaisiú le múnláil óir mórthimpeall uirthi.
27 Rinne sé dhá fháinne óir di, faoin múnláil ar dhá thaobh ar aghaidh a chéile; leosan is ea a ghreamaítí na cuaillí lena n‑iompraití í.
28 Rinne sé na cuaillí d'adhmad sitím; agus chumhdaigh sé iad le hór.