26 Rinne sé í a chumhdach d'ór fíre - a barr, a cliatháin timpeall agus a beanna, agus í a mhaisiú le múnláil óir mórthimpeall uirthi.
27 Rinne sé dhá fháinne óir di, faoin múnláil ar dhá thaobh ar aghaidh a chéile; leosan is ea a ghreamaítí na cuaillí lena n‑iompraití í.
28 Rinne sé na cuaillí d'adhmad sitím; agus chumhdaigh sé iad le hór.
29 Rinne sé an criosma naofa leis, agus an túis ghlan chumhra, í cumasctha mar a dhéanfadh poitigéir.