6 Rinne sé cathaoir thrócaire d'ór fíre, dhá bhanláimh go leith ar fad, agus banlámh go leith ar leithead.
7 Do dhá cheann na cathaoireach rinne sé dhá cheiribín óir bhuailte,
8 ceiribín do cheann agus an ceiribín eile don cheann eile, agus ghreamaigh iad araon ar a dhá ceann agus iad d'aon phíosa le cathaoir na trócaire.
9 Leath na ceiribíní a sciatháin amach in airde i dtreo go raibh cathaoir na trocaire faoina scáth; thug na ceiribíní aghaidh ar a chéile agus a n‑aighthe i dtreo chathaoir na trócaire.
10 Rinne sé an bord mar an gcéanna d'adhmad sitím, dhá bhanláimh ar fad, banlámh ar leithead agus banlámh go leith ar airde.
11 Chumhdaigh sé é le hór fíre agus chuir múnláil óir mórthimpeall air.
12 Chuir sé teanntóga lámh ar leithead faoi mórthimpeall agus múnláil óir orthu.