1 Rinne sé altóir an uileloiscthe d'adhmad sitím chomh maith, cúig bhanlámh ar fad, agus cúig bhanlámh ar leithead; bhí sí cearnógach agus trí bhanlámh ar airde.
2 Rinne sé beanna dá ceithre cúinní; bhí a beanna d'aon phíosa léi, agus chumhdaigh sé í de chré-umha.
3 Rinne sé árais uile na haltóra: miasa i gcomhair a luaithrigh, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a rinne sé soithí uile na haltóra.
4 Rinne sé gráta di de chliath chré-umha, agus chuir faoi fhargán na haltóra í i dtreo gur shín sí leath slí anuas.