12 Ar an taobh thiar leis bhí brait leathchéad banlámh ar dheich bpolla lena ndeich gceapa; bhí a naisc agus a mbataí d'airgead.
13 Ar an taobh thoir chun tosaigh bhí brait leathchéad banlámh.
14 Ar thaobh den gheata bhí brait cúig bhanlámh déag le trí pollaí i dtrí ceapa.
15 Mar an gcéanna ar an taobh eile - ón dá thaobh de gheata na faiche - bhí brait cúig bhanlámh déag le trí pollaí agus trí ceapa.
16 Bhí na brait go léir timpeall na cúirte de línéadach mín cas.
17 Ba de chré-umha ceapa na bpollaí ach ba d'airgead a naisc agus mbataí, mar aon le cumhdach a mullaí. Ba d'airgead bataí uile pollaí na faiche.
18 Bhí an chliath do gheata na faiche gréasta d'obair shnáthaide d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de líneadach mín cas; bhí sé fiche banlámh ar fad, agus, ar feadh a leithe, bhí sí cúig bhanlámh ar airde, ar aon dul le brait na faiche.