25 Sé an méid airgid a cruinníodh uathu siúd den chomhthionól a áiríodh: céad tallann, agus míle seacht gcéad seachtó cúig seicil de réir seicil an tsanctóra;
26 fiche beica an duine (leath seicil is é sin, de réir thomhas seicil an tsanctóra) i gcomhair gach duine a áiriodh sa daonáireamh a bhí fiche bliain agus breis, sé chéad agus a trí mhíle, cúig chéad go leith fear.
27 Caitheadh an céad tallann airgid ag déanamh na gceap don sanctóir agus don fhial; céad ceap as an gcéad tallann, nó tallann an ceap.
28 Leis an míle seacht gcéad seachtó agus cúig seicil, rinne sé na naisc do na pollaí, an cumhdach dá mullaí agus dá mbataí.
29 Ofráladh seachtó tallann agus dhá mhíle ceithre chéad seicil de chré-umha.
30 Leis sin rinne sé na ceapa do dhoras Bhoth na Teagmhála, an altóir chré-umha lena cliath chré-umha agus gréithe uile na haltóra,
31 na ceapa mórthimpeall na faiche agus na ceapa do gheata na faiche, pionnaí uile an taibearnacail, agus na pionnaí go léir timpeall ar an bhfaiche.