4 Rinne sé gráta di de chliath chré-umha, agus chuir faoi fhargán na haltóra í i dtreo gur shín sí leath slí anuas.
5 Rinne sé ceithre fáinní ar cheithre cúinní na cléithe cré-umha chun na cuaillí a iompar.
6 Rinne sé cuaillí d'adhmad sitím agus chumhdaigh iad de chré-umha.
7 Chuir sé na cuaillí trí na fáinní ar thaobhanna na haltóra chun í a iompar lena gcabhair; rinne sé an altóir de chláir agus í folamh laistigh.
8 Rinne sé an t‑umar cré-umha agus a bhonn cré-umha de scátháin na mban a bhí ag freastal ag an doras isteach go Both na Teagmhála.
9 Rinne sé an fhaiche; ar an taobh theas den fhaiche, bhí brait céad banlámh ar fad de líneadach mín cas.
10 Bhí a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach ba d'airgead a naisc agus a mbataí.