9 Rinne sé an fhaiche; ar an taobh theas den fhaiche, bhí brait céad banlámh ar fad de líneadach mín cas.
10 Bhí a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach ba d'airgead a naisc agus a mbataí.
11 Mar an gcéanna ar an taobh thuaidh bhí brait céad banlámh ar fad; a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach bhí na naisc agus na bataí d'airgead.
12 Ar an taobh thiar leis bhí brait leathchéad banlámh ar dheich bpolla lena ndeich gceapa; bhí a naisc agus a mbataí d'airgead.
13 Ar an taobh thoir chun tosaigh bhí brait leathchéad banlámh.
14 Ar thaobh den gheata bhí brait cúig bhanlámh déag le trí pollaí i dtrí ceapa.
15 Mar an gcéanna ar an taobh eile - ón dá thaobh de gheata na faiche - bhí brait cúig bhanlámh déag le trí pollaí agus trí ceapa.