1 Rinne siad éidí slachtmhara do sheirbhís an tsanctóra den ábhar gorm agus corcra agus craorag [agus den línéadach cas mín]. Rinneadar na héidí naofa do Árón mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
2 Rinneadar an t‑éafód d'ór agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas.
3 Bhuaileadar an t‑ór ina lanna caola agus gearradh ina snáthanna é le hinleadh san ábhar gorm agus corcra agus craorag agus sa linéadach mín cas i ndearadh slachtmhar.
4 Rinneadar guailleáin don éafód, ceangailte dá dhá imeall á choimeád le chéile.