14 Bhí ainmneacha chlann Iosrael orthu, agus a dó dhéag a líon de réir líon na n‑ainmneacha. Bhíodar greanta mar a bheadh séalaí, a ainm féin greanta ar gach ceann, ag freagairt don dá threibh déag.
15 Rinneadar dhá shlabhra d'ór fíre, fite mar chorda, don lúireach.
16 Agus rinneadar dhá chnota d'fhiolagrán óir agus dhá fháinne óir agus chuireadar an dá fháinne ar dhá imeall na lúirí,
17 agus chuireadar an dá shlabhra óir sa dá fháinne ag imill na lúirí.
18 Cheanglaíodar dhá cheann eile na slabhraí don dá chnota fiolagráin i slí is gur ghreamaíodar iad de ghuailleáin an éafód chun tosaigh.
19 Rinneadar dhá fháinne óir agus ghreamaíodar iad do dhá chúinne íochtaracha na lúirí, ar an bhfáithim laistigh le hais an éafód.
20 Agus rinneadar dhá fháinne óir eile agus ghreamaíodar iad d'íochtar dhá ghuailleán an éafód in aice leis an gceangal, lastuas de chrios fite an éafód.