2 Rinneadar an t‑éafód d'ór agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas.
3 Bhuaileadar an t‑ór ina lanna caola agus gearradh ina snáthanna é le hinleadh san ábhar gorm agus corcra agus craorag agus sa linéadach mín cas i ndearadh slachtmhar.
4 Rinneadar guailleáin don éafód, ceangailte dá dhá imeall á choimeád le chéile.
5 An crios fite a bhí air á choimeád bhí sé den ábhar céanna agus den déantús céanna, d'ór, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach cas mín, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
6 Dhearadar clocha oinisce agus luíodar iad i leapacha de fhiolagráin óir agus ghreanadar orthu, mar a dhéanfaí ar shéala, ainmneacha chlann Iosrael.
7 Chuir sé iad ar ghuailleáin an éafód le bheith ina gclocha cuimhne ar chlann Iosrael, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
8 Rinne sé an lúireach d'obair shlachtmhar; rinne sé í ar dhéantús an éafód, d'ór agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas.