22 Ansin rinneadar fallaing an éafód go léir a fhí d'ábhar gorm.
23 Bhí an oscailt ina lár dála muiníl chathéide; timpeall na hoscailte bhí fáithim d'fhonn nach sracfaí an fhallaing.
24 Ar a fáithim íochtair bhí maisiú de phomagránaití, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas.
25 Rinneadar chomh maith cloigíní d'ór fíre agus chuireadar timpeall fáithime íochtaraí na fallainge iad idir na pomagránaití;
26 bhí cloigíní agus pomagránaití, gach re ceann, timpeall fáithim íochtarach fhallaing na seirbhíse mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
27 Ansin rinneadar na hionair chomh maith, fite as línéadach mín, d'Árón agus dá mhic;
28 agus an cheannbheart de línéadach mín agus na boinéid de líneadach mín, agus na brístí línéadaigh de línéadach mín cas,