32 Críochnaíodh ar an gcuma sin obair uile an taibearnacail agus Bhoth na Teagmhála; bhí gach ní déanta ag clann Iosrael; díreach mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois is ea a rinneadar.
33 Thugadar an taibearnacal go dtí Maois, agus an Bhoth agus a gréithe, a naisc, a frámaí, a bataí, a pollaí, a ceapa;
34 an díon de sheithí coirtithe reithe agus de sheithí gabhar, agus fial na cléithe;
35 áirc na Fianaise lena cuaillí agus lena cathaoir thrócaire;
36 an bord lena ghréithe go léir agus arán na láithreachta;
37 an coinnleoir d'ór fíre lena lampaí - na lampaí a bhí le cur ann - agus lena ghréithe go léir; an ola don solas;
38 an altóir óir, an criosma, an túis chumhra, agus an scáthlán do dhoras na botha;