8 Rinne sé an lúireach d'obair shlachtmhar; rinne sé í ar dhéantús an éafód, d'ór agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas.
9 Bhí sí cearnógach, fillte uirthi féin, réise ar fad agus réise ar leithead.
10 Leagadar ceithre shraith cloch inti: sard, tópas, agus carmhogal sa chéad sraith;
11 smaragaid, saifír, agus diamant sa dara sraith;
12 iasaint, agáit, agus aimitis sa tríú sraith;
13 beiril, oinisc agus seaspar sa cheathrú sraith. Bhíodar go léir luite ar leaba d'fhiolagrán óir.
14 Bhí ainmneacha chlann Iosrael orthu, agus a dó dhéag a líon de réir líon na n‑ainmneacha. Bhíodar greanta mar a bheadh séalaí, a ainm féin greanta ar gach ceann, ag freagairt don dá threibh déag.