12 Imigh anois mar sin; beidh mise mar thaca le do bhéal agus múinfidh mé duit a mbeidh le rá agat.”
13 Ach dúirt seisean: “Seol duine éigin eile, le do thoil a Thiarna.”
14 Ansin las fearg an Tiarna in aghaidh Mhaois agus dúirt sé: “Nach bhfuil Árón an Léivíteach do dheartháir agat? Is eol dom é a bheith soilbhir. Tá sé chugat agus nuair a fheicfidh sé thú beidh áthas croí air.
15 Labhróidh tusa leis agus cuirfidh tú na focail ina bhéal. Beidh mise mar thaca le do bhéalsa agus lena bhéalsan, agus múinfidh mé duit a bhfuil le déanamh agat.
16 Labhróidh sé thar do cheann leis an bpobal; agus beidh seisean mar bhéal agatsa, agus beidh tusa mar dhia aige-sean á spreagadh.
17 Tóg an tslat seo i do láimh, agus leis an tslat seo a dhéanfaidh tú na comharthaí.”
18 D'imigh Maois agus ar ais leis go Iatró, athair a chéile, agus dúirt leis: “An bhfuil cead agam, le do thoil, filleadh ar mo mhuintir san Éigipt féachaint an beo dóibh i gcónaí?” Agus dúirt Iatró le Maois: “Imigh faoi shíocháin.”