17 Tóg an tslat seo i do láimh, agus leis an tslat seo a dhéanfaidh tú na comharthaí.”
18 D'imigh Maois agus ar ais leis go Iatró, athair a chéile, agus dúirt leis: “An bhfuil cead agam, le do thoil, filleadh ar mo mhuintir san Éigipt féachaint an beo dóibh i gcónaí?” Agus dúirt Iatró le Maois: “Imigh faoi shíocháin.”
19 Agus dúirt an Tiarna le Maois i Midián: “Imigh ort ar ais go dtí an Éigipt; an mhuintir go léir a bhí ar do thí chun do mharaithe tá siad tar éis bháis.”
20 Thóg Maois leis a bhean agus a mhac agus chuir ar muin asail iad agus ar ais leis chun na hÉigipte. Thug Maois slat Dé leis ina láimh.
21 Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Nuair a fhillfidh tú ar an Éigipt, féach chuige go ndéanfaidh tú os comhair Fhorainn na miorúiltí go léir a chuir mé ar do chumas; ach cruafaidh mise an croí ann i dtreo nach scaoilfidh sé leis an bpobal.
22 Agus déarfaidh tú le Forann: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Iosrael mo chéadghin.
23 Dúirt mé leat mo mhac a ligean chun siúil chun íobairt a dhéanamh dom. Ní toil leat é a ligean chun siúil. Maróidh mé do chéadghin! Sin é agat é!’ ”