20 Thóg Maois leis a bhean agus a mhac agus chuir ar muin asail iad agus ar ais leis chun na hÉigipte. Thug Maois slat Dé leis ina láimh.
21 Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Nuair a fhillfidh tú ar an Éigipt, féach chuige go ndéanfaidh tú os comhair Fhorainn na miorúiltí go léir a chuir mé ar do chumas; ach cruafaidh mise an croí ann i dtreo nach scaoilfidh sé leis an bpobal.
22 Agus déarfaidh tú le Forann: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Iosrael mo chéadghin.
23 Dúirt mé leat mo mhac a ligean chun siúil chun íobairt a dhéanamh dom. Ní toil leat é a ligean chun siúil. Maróidh mé do chéadghin! Sin é agat é!’ ”
24 San aistear dó tháinig an Tiarna an treo chuige mar a raibh sé ag cur faoi ar feadh na hoíche agus thug sé iarracht ar é a mharú.
25 Ansin thóg Zipiorá breochloch agus bhain an forchraiceann dá mac agus chuir sí le baill ghiniúna Mhaois é: “Is fear fuilteach agam thú, is ea sin,” ar sí leis.
26 Lig sé dó ansin. Is ansin is ea a dúirt sí “fear fuilteach thú” de bharr an timpeallghearrtha.