23 Dúirt mé leat mo mhac a ligean chun siúil chun íobairt a dhéanamh dom. Ní toil leat é a ligean chun siúil. Maróidh mé do chéadghin! Sin é agat é!’ ”
24 San aistear dó tháinig an Tiarna an treo chuige mar a raibh sé ag cur faoi ar feadh na hoíche agus thug sé iarracht ar é a mharú.
25 Ansin thóg Zipiorá breochloch agus bhain an forchraiceann dá mac agus chuir sí le baill ghiniúna Mhaois é: “Is fear fuilteach agam thú, is ea sin,” ar sí leis.
26 Lig sé dó ansin. Is ansin is ea a dúirt sí “fear fuilteach thú” de bharr an timpeallghearrtha.
27 Dúirt an Tiarna le hÁrón: “Imigh isteach san fhásach i gcoinne Mhaois.” Agus d'imigh sé agus bhuail leis ag sliabh Dé agus phóg é.
28 Agus d'inis Maois d'Árón a ndúirt an Tiarna leis agus é a sheoladh uaidh agus na comharthaí go léir a d'ordaigh sé dó a dhéanamh.
29 Ar aghaidh le Maois agus Árón ansin agus chruinníodar seanóirí chlann Iosrael go léir le chéile.