3 “Caith ar an talamh í,” arsa an Tiarna, agus chaith sé ar an talamh í agus rinneadh nathair nimhe di, agus chúb Maois uaithi.
4 “Cuir do lámh amach,” arsa an Tiarna leis, “agus beir ar eireaball uirthi” -
5 agus chuir sé a lámh amach agus rug uirthi agus rinneadh slat arís di ina láimh - “i dtreo go gcreidfidís go ndearna an Tiarna, Dia a n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, é féin a thaispeáint duit.”
6 Labhair an Tiarna arís: “Cuir do lámh i do bhrollach.” Chuir seisean a lámh ina bhrollach, agus nuair a tharraing sé amach í, bhí sí faoi bhrat lobhra chomh geal le sneachta.
7 “Cuir do lámh ar ais i do bhrollach,” ar sé. Agus chuir sé a lámh ar ais ina bhrollach agus nuair a tharraing sé amach í, b'shiúd í slán arís mar an chuid eile dá chneas.
8 “Mura gcreidfidh siad thú,” arsa an Tiarna, “ná geilleadh don chéad chomhartha géillfidh siad don dara ceann.
9 Ach mura ngéillfidh siad do cheachtar den dá chomhartha, ná eisteacht le do ghlór, ní foláir duit taoscán uisce a thógáil on Níl agus é chaitheamh ar an talamh tirim; agus an t‑uisce a thógfaidh tú ón Níl, déanfar fuil de ar an talamh tirim.”