8 “Mura gcreidfidh siad thú,” arsa an Tiarna, “ná geilleadh don chéad chomhartha géillfidh siad don dara ceann.
9 Ach mura ngéillfidh siad do cheachtar den dá chomhartha, ná eisteacht le do ghlór, ní foláir duit taoscán uisce a thógáil on Níl agus é chaitheamh ar an talamh tirim; agus an t‑uisce a thógfaidh tú ón Níl, déanfar fuil de ar an talamh tirim.”
10 “Ach, a Thiarna liom,” arsa Maois leis an Tiarna, “ní duine dea-labhartha mé aon lá de mo shaol go dtí seo, ná ó labhair tú le do sheirbhíseach; is mall mo chaint agus is righin mo theanga.”
11 “Ce chruthaigh béal an duine?” arsa an Tiarna leis, “cé dhéanann balbh é nó bodhar nó radharcach nó dall? Nach mise, an Tiarna?
12 Imigh anois mar sin; beidh mise mar thaca le do bhéal agus múinfidh mé duit a mbeidh le rá agat.”
13 Ach dúirt seisean: “Seol duine éigin eile, le do thoil a Thiarna.”
14 Ansin las fearg an Tiarna in aghaidh Mhaois agus dúirt sé: “Nach bhfuil Árón an Léivíteach do dheartháir agat? Is eol dom é a bheith soilbhir. Tá sé chugat agus nuair a fheicfidh sé thú beidh áthas croí air.