1 Labhair an Tiarna le Maois:
2 “Ar an gcéad lá den chéad mhí,” ar sé, “déanfaidh tú taibearnacal Bhoth na Teagmhála a thógáil.
3 Cuir ann áirc na Fianaise, agus folaigh an áirc leis an bhfial.
4 Tabhair an bord isteach; cóirigh a bhfuil le heagrú air, agus tabhair isteach an coinnleoir agus cóirigh a lampaí.
5 Cuir an altóir óir don túis os comhair áirc na Fianaise, agus cuir suas an scáthlán mar chomhla ar dhoras an taibearnacail.
6 Cuir altóir an uileloiscthe os comhair dhoras thaibearnacal Bhoth na Teagmhála
7 agus cuir an t‑umar idir Both na Teagmhála agus an altóir agus líon d'uisce é.