11 Déan an t‑umar agus a bhonn a ungadh agus a choisreacan.
12 Beir leat Árón agus a mhaca go doras Bhoth na Teagmhála agus nigh le huisce iad,
13 agus cuir na héidí naofa ar Árón agus déan é a ungadh agus a choisreacan le fónamh dom mar shagart.
14 Beir a mhic isteach chomh maith agus cuir ionair umpu,
15 agus déan iad a ungadh dála a n‑athar, d'fhonn go ndéanfaidís fónamh dom mar shagairt. An t‑ungadh seo a dhéanfaidh tú orthu, bronnfaidh sé sagartacht shíoraí orthu ó ghlúin go glúin.”
16 Rinne Maois amhlaidh; rinne sé sa tslánchruinne mar a d'ordaigh an Tiarna dó.
17 An chéad mhí den dara bliain, an chéad lá den mhí sin, cuireadh suas an taibearnacal,