18 Maois a thóg an taibearnacal, a leag a cheapa, a chuir suas a fhrámaí, agus a d'ardaigh a phollaí.
19 Leath sé an bhoth ar an taibearnacal, agus ar a bharrsan díon na botha mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
20 Ghlac sé chuige an Fhianaise agus chuir san áirc í, chuir sé na cuaillí leis an áirc agus chuir cathaoir na trócaire ina luí ar an áirc;
21 thug sé an áirc isteach sa taibearnacal, chuir an fial folaithe i bhfearas, agus d'fholaigh sé áirc na Fianaise mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
22 Chuir sé an bord i mBoth na Teagmhála, ar an taobh thuaidh den taibearnacal, lasmuigh den fhial,
23 agus leag an t‑arán air, cóirithe i láthair an Tiarna, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
24 Chuir sé an coinnleoir i mBoth na Teagmhála, os comhair an bhoird ar an taobh theas den taibearnacal,