25 agus chóirigh na lampaí i láthair an Tiarna mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
26 Chuir sé an altóir óir i mBoth na Teagmhála os comhair an fhéil,
27 agus loisc sé túis chumhra uirthi, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
28 Chuir sé an scáthlán ar dhoras an taibearnacail i bhfearas.
29 Chuir sé suas altóir an uileloiscthe ag doras thaibearnacal Bhoth na Teagmhála, agus d'ofráil sé uirthi an ofráil loiscthe agus an abhlann, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
30 Leag sé an t‑umar idir Both na Teagmhala agus an altóir, agus líon é le huisce ionlaithe,
31 le go nífeadh Árón agus a chlann mhac a lámha agus a gcosa leis;