30 Leag sé an t‑umar idir Both na Teagmhala agus an altóir, agus líon é le huisce ionlaithe,
31 le go nífeadh Árón agus a chlann mhac a lámha agus a gcosa leis;
32 nuair a théidís isteach i mBoth na Teagmhála, nó nuair a théidís i gcóngar na haltóra, nídís iad féin, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
33 Ansin chuir sé fál na faiche timpeall an taibearnacail agus na haltóra, agus chroch an scáthlán mar gheata ar an bhfaiche. Chuir Maois an clabhsúr ar an saothar amhlaidh sin.
34 Chlúdaigh an néal Both na Teagmhála, agus líon glóir an Tiarna an taibearnaca.
35 Níor fhéad Maois dul isteach i mBoth na Teagmhála mar gur luigh an néal uirthi agus gur líon glóir an Tiarna an taibearnacal.
36 Gach céim dá n‑aistear, aon uair a ardaítí an néal ón taibearnacal, chuireadh clann Iosrael chun siúil arís.