6 Cuir altóir an uileloiscthe os comhair dhoras thaibearnacal Bhoth na Teagmhála
7 agus cuir an t‑umar idir Both na Teagmhála agus an altóir agus líon d'uisce é.
8 Cuir suas fál na faiche mórthimpeall agus croch an scáthlán mar gheata ar an bhfaiche.
9 Glac chugat an criosma ansin agus déan an taibearnacal agus gach a bhfuil ann a ungadh, agus coisric é féin agus a ghréithe go léir d'fhonn áit naofa a dheanamh de.
10 Déan altóir an uileloiscthe a ungadh chomh maith, agus a gréithe go léir, agus coisric an altóir agus beidh sí sárnaofa feasta.
11 Déan an t‑umar agus a bhonn a ungadh agus a choisreacan.
12 Beir leat Árón agus a mhaca go doras Bhoth na Teagmhála agus nigh le huisce iad,