15 Ach a luaithe a tuigeadh d'Fhorann go raibh cairde faighte aige, chruaigh sé a chroí agus, mar a dúirt an Tiarna, ní thabharfadh sé cluas dóibh.
16 Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le hÁrón: ‘Sín amach do shlat os cionn luaithreach na talún i dtreo go ndéanfar corrmhíola de ar fud chríocha na hÉigipte go léir.’ ”
17 Rinneadar amhlaidh: shín Árón amach a lámh leis an tslait agus bhuail luaithreach na talún agus luigh corrmhíola ar an duine agus ar an mbeithíoch; rinneadh corrmhíola de luaithreach uile na talún ar fud chríocha na hÉigipte go léir.
18 Rinne na draíodóirí iarracht, le barr draíochta, corrmhíola a dhéanamh, ach chuaigh díobh. Tháinig na corrmhíola ar an duine agus ar an mbeithíoch.
19 Agus dúirt na draíodóirí le Forann: “Lámh Dé é seo!” Ach chruaigh croí Fhorainn agus, mar a dúirt an Tiarna, ní thabharfadh sé cluas dóibh.
20 Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Éirigh go moch ar maidin agus fan le Forann agus é ag dul amach chun an uisce. Abair leis: ‘Seo mar a deir an Tiarna: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom.
21 Ach mura ligeann tú do mo mhuintir imeacht, cuirfidh mé saithe míoltóg ort féin agus ar do shearbhóntaí agus ar do mhuintir agus isteach i do thithe; agus líonfar tithe na nÉigipteach le saithí míoltóg, agus mar an gcéanna leis an talamh féin ar a bhfuil siad ina seasamh.