28 “Ligfidh mé daoibh,” arsa Forann, “dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna bhur nDia san fhásach, ach gan sibh a dhul i bhfad ó bhaile. Guígí ar mo shon!”
29 Ansin dúirt Maois: “Seo mé ar mo shlí amach uait, agus guífidh mé chun an Tiarna go n‑imeoidh na saithí míoltóg ó Fhorann agus óna shearbhóntaí agus óna phobal amárach; ach ná himríodh Forann cealg arís agus gan ligean don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.”
30 D'imigh Maois amach ó láthair Fhorainn agus ghuigh chun an Tiarna.
31 Rinne an Tiarna mar a d'iarr Maois agus thóg sé na saithí míoltóg d'Fhorann, agus dá shearbhóntaí agus dá phobal; níor fhan ceann.
32 Ach chruaigh Forann a chroí an uair seo chomh maith agus níor lig sé don phobal imeacht.