1 Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Imigh isteach go Forann agus abair leis: ‘Mar seo a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom.
2 Má dhiúltaíonn tú ligean dóibh imeacht ach greim a choimeád orthu go fóill,
3 féach luífidh lámh an Tiarna le plá róthrom ar do stoc sa mhachaire, ar do chapaill, ar d'asail, ar do tháinte agus ar do thréada.
4 Ach déanfaidh an Tiarna difir idir stoc Iosrael agus stoc na hÉigipte; ní chaillfear aon ní de chuid chlann Iosrael.’ ”
5 Bhí an t‑am socair ag an Tiarna á rá: “Amárach a chuirfidh an Tiarna an bhagairt sin i bhfeidhm ar fud na tíre.”