10 Thógadar súiche ón bhfoirnéis agus sheas os comhair Fhorainn. Chaith Maois in airde san aer é agus rinneadh neascóidí de ag sceith ina bpocháin ar dhuine agus ar ainmhí.
11 Níor fhéad na draíodóirí aghaidh a thabhairt ar Mhaois de bharr na neascóidí mar bhí neascóidí ar na draíodóirí mar a bhí ar na hÉigiptigh go léir.
12 Ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus, mar a dúirt an Tiarna, níor thug sé cluas dóibh.
13 Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Éirigh go moch ar maidin agus téigh i láthair Fhorainn agus abair leis: ‘Seo duit teachtaireacht an Tiarna, Dia na nEabhrach: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt a ofráil dom;
14 mar an uair seo seolfaidh mé mo phlánna go léir sa mhullach ort féin, agus ar do shearbhóntaí, agus ar do mhuintir, i dtreo go mbeidh a fhios agat nach bhfuil mo leithéid eile ar domhan ar fad.
15 Oir b'fhéidir dom mo lámh a shíneadh agus tusa agus do mhuintir a bhualadh le plá agus tú a scrios de dhroim na talún.
16 Ach is chuige seo a lig mé duit maireachtáil: chun mo chumhacht a thaispeáint duit i dtreo go bhfoilseofaí m'ainm os comhair an tsaoil.