2 Má dhiúltaíonn tú ligean dóibh imeacht ach greim a choimeád orthu go fóill,
3 féach luífidh lámh an Tiarna le plá róthrom ar do stoc sa mhachaire, ar do chapaill, ar d'asail, ar do tháinte agus ar do thréada.
4 Ach déanfaidh an Tiarna difir idir stoc Iosrael agus stoc na hÉigipte; ní chaillfear aon ní de chuid chlann Iosrael.’ ”
5 Bhí an t‑am socair ag an Tiarna á rá: “Amárach a chuirfidh an Tiarna an bhagairt sin i bhfeidhm ar fud na tíre.”
6 Agus lá arna mhárach chomh maith a chuir; cailleadh stoc na nÉigipteach go léir, ach níor cailleadh aon chuid de stoc chlann Iosrael.
7 Rinne Forann fiafraí agus féach ní raibh beithíoch de chuid na nIosraelach marbh. Ach chruaigh croí Fhorainn arís agus níor lig sé don phobal imeacht.
8 Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: “Tógaigí croibh súiche ón bhfoirnéis agus caitheadh Maois in airde san aer iad i radharc Fhorainn.