20 An dream i measc shearbhóntaí Fhorainn a raibh eagla orthu roimh bhagairt an Tiarna, thugadar a stoc agus a ndaoir isteach sna tithe;
21 ach an dream nár thug aon aird ar bhagairt an Tiarna, d'fhágadar a ndaoir agus a stoc amuigh.
22 Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Sín do lámh i dtreo neimhe i dtreo go dtitfidh clochshneachta ar fud chríocha na hÉigipte, ar na daoine, ar na beithígh agus ar a bhfuil de ghlasraí ag fás san ithir ar fud thír na hÉigipte.”
23 Ansin shín Maois a shlat i dtreo neimhe agus scaoil an Tiarna toirneach agus clochshneachta. Bhuail tintreach an talamh agus d'fhear an Tiarna clochshneachta ar thalamh na hÉigipte.
24 Thit an clochshneachta agus bhí tintreach tríd gan staonadh i dtreo nach raibh a leithéid de chlochshneachta trom i gcríocha na hÉigipte ó rinneadh naisiún di an chéad lá.
25 Threascair an clochshneachta a raibh amuigh idir dhuine agus bheithíoch, ar fud chríocha na hÉigipte; threascair sé na barraí go léir sna goirt agus d'fhág na crainn go léir ar lár sna páirceanna.
26 I dtír Ghoisin amháin, mar a raibh clann Iosrael, is ea nár thit an clochshneachta.