25 Threascair an clochshneachta a raibh amuigh idir dhuine agus bheithíoch, ar fud chríocha na hÉigipte; threascair sé na barraí go léir sna goirt agus d'fhág na crainn go léir ar lár sna páirceanna.
26 I dtír Ghoisin amháin, mar a raibh clann Iosrael, is ea nár thit an clochshneachta.
27 Ansin chuir Forann fios ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt leo: “Admhaím mo pheaca an turas seo! Tá an Tiarna sa chóir agus mise agus mo mhuintir san éagóir.
28 Guígí chun an Tiarna: tá ár ndóthain againn den toirneach agus den chlochshneachta; ligfidh mé libh agus ní bheidh a thuilleadh moille anseo oraibh.”
29 D'fhreagair Maois é: “A luaithe a fhágfaidh mé an chathair, sínfidh mé mo lámha i dtreo an Tiarna; stadfaidh an toirneach agus beidh deireadh leis an gclochsneachta, i dtreo go mbeidh a fhios agat gur leis an Tiarna an domhan.
30 Ach maidir leat féin agus le do shearbhóntaí, is maith is eol dom nach bhfuil eagla an Tiarna ár nDia oraibh go fóill.”
31 Loiteadh an líon agus an eorna mar bhí an eorna ag eascar agus an líon ina gheamhar;