Hóisé 1 ABN

Teideal

1 Briathar an Tiarna a labhraíodh le Hóisé, mac Bhéirí, in aimsir Uizíá agus Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus in aimsir Iarobám, mac Ióáis, rí Iosrael.

Pósadh Hóisé

Ainmneacha Fáthchiallacha

2 Tosach na mbriathra a labhair an Tiarna trí Hóisé: Dúirt an Tiarna le Hóisé: “Imigh leat, gabh chugat striapach mná agus bíodh clann striapaí agat, mar níl teorainn leis an striapachas a dhéanann an tír ó d'iompaigh sí ón Tiarna.”

3 D'imigh sé leis mar sin agus phós Goimir, iníon Dhiobláím, agus ghabh sise gin agus rug mac dó.

4 “Tabhair Izréil mar ainm air,” arsa an Tiarna leis ansin, “mar i gceann tamaillín eile imreoidh mé díoltas ar theaghlach Iéahú in éiric fhuil Izréil agus cuirfidh mé deireadh le réimeas theaghlach Iosrael.

5 Is i nGleann Izréil a bhrisfidh mé cumhacht Iosrael an lá sin.”

6 Gabh sí gin arís agus rug iníon. “Tabhair Neamh-Mhuirneach mar ainm uirthi,” ar seisean leis, “mar ní díol trócaire liom teaghlach Iosrael a thuilleadh; ní hea, is amhlaidh a bheidh dearg-ghráin agam orthu feasta.

7 (Déanfaidh mé trócaire áfach ar theaghlach Iúdá agus sábhálfaidh mé iad, óir is mise an Tiarna a nDia; ach ní le bogha ná le claíomh ná le bua catha a shábhálfaidh mé iad, ná le capaill ná le marcaigh ach an oiread).”

8 Nuair a bhí Neamh-Mhuirneach bainte den chíoch aici, ghabh sí gin arís agus rug mac.

9 “Tabhair Coimhthíoch mar ainm air,” ar seisean ansin, “mar ní sibhse mo phobal, agus i dtaca libhse de, níl mise ann chor ar bith.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14