1 Nuair a bhí Iosrael ina naíonán, bhí grá agam dó,agus ghlaoigh mé mo mhac as an Éigipt.
2 Ach dá mhéad dá nglaoití orthu,is amhlaidh is faide a d'éalaídís [uaim];d'ofrálaidís íobairtí do na Bálaím,agus dhóidís túis i láthair íol.
3 Ach ina dhiaidh sin féin is mise a mhúin siúl d'Eafráim;thógainn suas i mo bhaclainn iad,ach níor aithin siad gur mise a bhí ag tabhairt aire dóibh.
4 Bhínn á dtarraingt chugam féin le srianta daonna,le téada grá chun iad a mhuirniú,mar a dhéanfadh duine a d'ardódh naíonán chun a leicinn;agus chromainn síos chucu chun rud le hithe a thabhairt dóibh.
5 Ach rachaidh siad ar ais go dtí críocha na hÉigipte,agus beidh an Asaír ina rí orthude bhrí gur dhiúltaigh siad filleadh ormsa.
6 Réabfaidh an claíomh roimhe trína gcathracha;scriosfaidh sé a gcuid scaothairí,agus dísceoidh sé iad mar gheall ar a ndroch-chomhairle.
7 Tá claonadh i mo phobal chun iompú uaim;[nuair a ghlaotar orthu] éirí in airde,níl duine díobh a dhíríonn aniar.
8 Cad é mar a thabharfainn suas thú, a Eafráim!Cad é mar a thréigfinn thú, a Iosrael!Nach beag a thabharfadh orm íde Admá a imirt ort,agus tú a dhéanamh cosúil le Zabóím!Ach ní bhfaighinn ó mo chroí a dhéanamh,mar gur ghabh trua duit mé.
9 Ní ligfidh mé amach ort mo racht feirge;ní scriosfaidh mé Eafráim go deo,óir ní duine mé ach Dia.In bhur measc is mé an Té is naofa,agus ní thiocfaidh mé chugaibh le teann feirge.
10 Gluaisfidh siad i ndiaidh an Tiarna.Búirfidh seisean mar leon,agus nuair a bhúirfidh, rithfidh a chlann mhac chuige ón iartharagus a gcroí ag preabadh.
11 Tiocfaidh siad ón Éigipt mar ealta éan,agus ó chríocha na hAsaíre mar scata colm,agus treoróidh mé abhaile iad chun a dtithe féin- an Tiarna a labhraíonn.