Hóisé 13 ABN

Díolfar as an Íoladhradh

1 Nuair a labhraíodh Eafráim, thagadh creathnú ar dhaoine:óir ba cheannasach in Iosrael é.Ach fuarthas ciontach é mar gheall ar Bhálagus tá sé ag fáil bháis.

2 Peacaíonn siad anois níos mó ná riamh;déanann siad dealbha teilgthe dóibh féin,íola a mhúnlaítear go cliste as a gcuid airgid,ach nach bhfuil iontu uile ach déantús ceardaithe.“Ofrálaigí íobairtí dóibh seo,” deir siad;agus pógtar laonna!

3 Dá dheasca sin beidh siad cosúil le néal maidine,nó leis an drúcht a imíonn as radharc go luath,nó leis an gcáith a shéidtear chun siúil ó urlár buailte,nó le púir dheataigh a shíobtar an fhuinneog amach.

Díolfar as Míbhuíochas

4 Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte.Ní aithnid duit aon Dia eile ach mé,ná níl aon slánaitheoir eile ann ach mé.

5 Is mise a rinne aoireacht ort san fhásach,i ndúiche an triomaigh mhóir.

6 Bheathaigh mé iad agus fuair siad a sáith,ach nuair a bhí siad sách, tháinig éirí in airde ar a gcroí,agus mar sin de rinne siad dearmad díomsa.

7 Chaith mé leo mar a dhéanfadh leon;amhail liopard bhí mé ag faire orthu le hais an bhóthair.

8 Thug mé fogha fúthu amhail beithir ar baineadh uaithi a coileáin,agus réab mé cochall a gcroí;rinne madraí craos orthu ansin,agus stróic ainmhithe allta as a chéile iad.

9 Táim ar tí tú a scriosadh, a Iosrael!Cé a thiocfaidh i gcabhair ort?

10 Cá bhfuil do rí anoischun tú féin agus do chathracha uile a shábháil?Cá bhfuil do rialtóirí,iad siúd a ndúirt tú fúthu: “Tabhair dom rí agus flatha”?

11 Thug mé rí duit le teann feirge,ach le racht cuthaigh bainim uait é arís.

Dísciú Eafráim

12 Tá urchóid Eafráim á coinneáil faoi chumhdach,agus tá a peaca curtha i dtaisce.

13 Tá tinneas clainne ag tosú di,ach is páiste díchéillí í;mar cé go bhfuil ionú a breithe ann,ní thagann sí go béal na broinne.

14 Fuascloidh mé ó chumhacht Sheól iad;Sábhálfaidh mé iad ón mBás.Cá bhfuil do ghathanna, a Bháis?Cá bhfuil do chealg, a Sheól?Ceilfear uirthi áfach an trua atá agam di.

15 Cé gur fhás sí suas go borb i measc a muintire,tiocfaidh an ghaoth anoir uirthi,gaoth an Tiarna a éireoidh ón bhfásach;agus triomófar a foinse agus rachaidh a tobar i ndísc.(Creachfaidh sí a chuid maoine agus a earraí luachmhara uile.)

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14