Hóisé 6 ABN

Aithrí Toirní

1 “Téanaigí, fillimis ar an Tiarna.Eisean a stróic sinn, eisean a leigheasfaidh sinn;Eisean a thug léasadh dúinn ach cneasóidh sé ár gcneácha.

2 Cuirfidh sé anam arís ionainn i gceann dhá lá,ar an tríú lá cuirfidh sé inár seasamh sinn arís,ionas go mairfimid os a chomhair.

3 Bíodh aithne againn ar an Tiarna;déanaimis ár ndícheall le haithne a chur air!Beidh a thaibhsiú chomh cinnte le breacadh an lae;tiocfaidh sé chugainn mar an bháisteach,amhail fearthainn an earraigh a uiscíonn an tír.”

4 Cad a dhéanfaidh mé leat, a Eafráim?Cad a dhéanfaidh mé leat, a Iúdá?Ní buaine bhur ngrá ná néal maidine,ná an drúcht a imíonn as radharc go luath.

5 Dá dheasca sin bím á scláradh trí bhíthin na bhfáitheagus á marú le briathra mo bhéil.Sa tslí seo foilsítear ceart mo bhréithe mar splanc solais.

6 Óir, is mó is mian liom buanghrá ná íobairtí;agus aithne a bheith agaibh ar Dhia,is fearr liom é sin ná ofrálacha lándóite.

Mídhílse Iosrael

7 Briseann siadsan an conradh ag Adám;san áit sin feallann siad orm.

8 Cathair lucht míghníomha is ea Gileád,agus tá rian na fola uirthi.

9 Amhail ropairí a dhéanann luíochán,bíonn slua sagart ag déanamh áir ar an mbóthar go Seicim;gan bhréag ar bith, is ainspianta a ngníomhartha!

10 I dteach Iosrael feicim rud uafásach;mar is ansin a dhéanann Eafráim striapachas,agus a thruaillítear Iosrael.

11 (Beidh fómhar le baint agatsa freisin, a Iúdá,nuair a chuirfidh mé an rath ar mo phobal arís.)

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14