1 Tá Eafráim do mo thimpeallú le camastaíl,agus teaghlach Iosrael do mo sháinniú le cluanaireacht.(Ach gluaiseann Iúdá in éineacht le Dia fósagus fanann sí dílis don Té is Naofa.)
2 Bíonn Eafráim ag aoireacht na gaoithe,agus ag rith gan stad ar thóir an ghála anoir.Is ag dul i méad atá a chaimiléireacht agus a bhaois:déantar conradh leis an Asaír,agus beirtear cáin ola don Éigipt.
3 Tá cúis dlí ar bun ag an Tiarna in aghaidh Iosrael.Cúiteoidh sé a dhrochbhéasa le Iacób,agus agróidh sé air a ainghníomhartha.
4 Sa bhroinn féin bhuail sé bob ar a dheartháir,agus in inmhe fir dó chuaigh sé i ngleic le Dia.
5 (Chuaigh sé ag coraíocht le haingeal agus bhuaigh sé air.)Ghoil sé agus d'agair sé trócaire air.Thaibhsigh an Tiarna dó i mBéit Éil agus labhair sé leis ansin.
6 (Is é an Tiarna, sea an Tiarna, Dia na Slua, a ainm!)
7 Le cuidiú do Dhé, beidh tú in ann filleadh leat abhaile;ach caomhnaigh an buanghrá agus an ceart,agus bíodh muinín agat as do Dhia de shíor.