6 (Is é an Tiarna, sea an Tiarna, Dia na Slua, a ainm!)
7 Le cuidiú do Dhé, beidh tú in ann filleadh leat abhaile;ach caomhnaigh an buanghrá agus an ceart,agus bíodh muinín agat as do Dhia de shíor.
8 Bíonn meá mhealltach ina láimh aici, ag an gCanán;is breá léi éagóir a dhéanamh.
9 “Ach ina dhiaidh sin féin,” arsa Eafráim,“d'éirigh mé saibhir agus tá stór cruinnithe agam,agus d'ainneoin mo mhaoine uile ní bhfuarthas aon urchóid ionam,a bhféadfaí coir a thabhairt air.”
10 Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thúas críocha na hÉigipte,ach tabharfaidh mé ort cónaí arís i mbothannafaoi mar a rinne tú nuair a theagmhaíomar le chéile tráth.
11 Labhróidh mé leis na fáithe,agus tabharfaidh mé a lán físeanna dóibh;trí bhíthin na bhfáithe labhróidh mé parabail.
12 Gileád! is í an urchóid í!níl iontu ach calaois!I nGilgeál ofrálann siad íobairtí do thairbh!Dá bhrí sin beidh a n‑altóirí cosúil le cairn chlochi gclaiseanna na ngort.