4 Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír,ná ní rachaimid i muinín eachra;go deo arís ní chanfaimid: “A Dhia linn” do dhéantús ár lámh;(óir is tú a ghlacann trua don dílleachta).
5 Leigheasfaidh mé a mídhílseacht,tabharfaidh mé grá dóibh go fonnmhar,mar ní díol feirge liom iad níos mó.
6 Silfidh mé ar Iosrael mar an drúcht.Bláthóidh sí ar nós na lile,agus cuirfidh sí uaithi a fréamhachamar a dhéanann an stóracs.
7 Caithreoidh a géagáin;áilleacht na holóige agus cumhracht an stóraicsa dháilfear uirthi.
8 Lonnóidh siad faoi mo scáth arís;saothróidh siad arbhar,agus beidh fíniúna ag fás acu,a mbeidh cáil orthu mar atá ar fhíon na Liobáine.
9 Cad ab áil le hEafráim d'íola feasta?Is mise a thugann éisteacht dó,agus a bheidh ag faire air.Táimse cosúil le crann úrghlas cufróige;más torthúil thusa, tá a bhuíochas sin ormsa.
10 Tuigeadh an t‑eagnaí na briathra sin:bíodh grinneolas ag an saoi orthu.Óir is díreach iad bealaí an Tiarnaagus gluaiseann na fíréin dá réir,ach bíonn siad ina gceap tuisle do lucht na heasumhlaíochta.