16 Ar an ábhar sin déanfaidh mé féin í a mhealladh,agus a threorú isteach san fhásach,chun labhairt léi go muirneach.
17 Bronnfaidh mé uirthi thíos ansin na fíonghoirt a bhíodh aici,agus déanfaidh mé doras dóchais di de ghleann Ácór.Éistfidh sí liom ansin mar a rinne le linn a hóige,nuair a tháinig sí aníos ó chríocha na hÉigipte.
18 An lá sin - an Tiarna a labhraíonn -is é “a fhir liom” a thabharfaidh tú orm;choíche arís ní ghairfidh tú díom “a Bhál”.
19 Glanfaidh mé ainmneacha na mBálaím dá béal,agus ní luafar a n‑ainmneacha arís go deo.
20 An lá sin déanfaidh mé conradh thar do cheann,le beithígh an mhachaire agus le héanlaith an aeir,agus le péisteanna na talún.Brisfidh mé bogha agus claíomh agus gléas cogaidh,agus scuabfaidh mé iad as an tír,chun go gcodlóidh tú go suaimhneach sámh.
21 Snaidhmfidh mé liom féin thú i gcleamhnas go brách;Snaidhmfidh mé liom féin thúle ceart agus le cóir,le buanghrá agus le cineáltacht.
22 Snaidhmfidh mé liom féin thú le dílse,agus beidh aithne agat ar an Tiarna.