4 Cúisigí bhur máthair, cúisigí í!Mar ní hí mo bhean chéile í a thuilleadh,ná ní mó is mise a fear.Tógadh sí comharthaí a striapachais óna haghaidh,agus suaitheantais a hadhaltranais ó lár a cíoch,
5 nó mura ndéanfaidh, bainfidh mé a cuid éadaigh go léir diagus fágfaidh mé í mar a bhí sí an lá a rugadh í,agus déanfaidh mé fásach di,agus beidh sí ina talamh tirim,agus maróidh mé í le tart.
6 Ní bheidh trua agam dá clann,mar is clann striapachais iad.
7 Óir rinne a máthair striapachas;an bhean a ghabh iad, náirigh sí í féin.“Rachaidh mé ar thóir mo leannán,” ar sise,“a thugann dom m'arán agus m'uisce,m'olann agus mo líon, m'ola agus mo chuid dí.”
8 Ar an ábhar sin dúnfaidh mé an bóthar uirthi le sceacha,agus tógfaidh mé balla le nach n‑aimseoidh sí an tslí.
9 Rithfidh sí ar thóir a leannán,ach ní thiocfaidh sí suas leo;lorgóidh sí iad ach ní bhfaighidh.Déarfaidh sí ansin: “Fillfidh mé ar ais arís ar mo chéad fhear,mar is fearr a bhí mé as an uair úd ná mar atá mé anois.”
10 Níor aithin sí gur mise a thug dian t‑arbhar agus an t‑úrfhíon agus an ola nua,agus a bhronn uirthi an fhlúirse airgid agus óir,as a ndearna siad Bálaím.