8 Ar an ábhar sin dúnfaidh mé an bóthar uirthi le sceacha,agus tógfaidh mé balla le nach n‑aimseoidh sí an tslí.
9 Rithfidh sí ar thóir a leannán,ach ní thiocfaidh sí suas leo;lorgóidh sí iad ach ní bhfaighidh.Déarfaidh sí ansin: “Fillfidh mé ar ais arís ar mo chéad fhear,mar is fearr a bhí mé as an uair úd ná mar atá mé anois.”
10 Níor aithin sí gur mise a thug dian t‑arbhar agus an t‑úrfhíon agus an ola nua,agus a bhronn uirthi an fhlúirse airgid agus óir,as a ndearna siad Bálaím.
11 Ar an ábhar sin, tógfaidh mé ar ais arísm'arbhar ina ionú agus m'úrfhíon ina thráth;bainfidh mé di m'olann agus mo líon,a gclúdaíodh sí a nochtacht leo.
12 Ansin nochtfaidh mé a náire faoi shúile a leannán,agus ní fhuasclóidh aon duine í ó mo láimh.
13 Cuirfidh mé críoch lena lúcháir go hiomlán,lena féilte agus lena réanna nua,lena sabóidí agus lena tionóil shollúnta go léir
14 Scriosfaidh mé a fíniúna agus a crainn fígí, a ndúirt sí fúthu:“Is iad seo an díolaíocht a thug mo leannán dom.”Déanfaidh mise mothar díobh,agus ní bheidh iontu ach bia beithíoch.