1 Éistigí le briathar an Tiarna,a chlann Iosrael,mar tá an Tiarna in aighneas dlí le háitritheoirí na tíre.Óir níl aon dílse ná muintearas ná aithne ar Dhia sa tír,
2 ach tá mallachtú agus éitheach agus feallbhású,agus goid agus adhaltranas á n‑iomadú féin sa tír,agus dúnmharuithe ag baint na sál dá chéile inti.
3 Dá dheasca sin triomóidh an tíragus meathlóidh a gcónaíonn inti,mar aon le beithígh an mhachaire agus éanlaith an aeir;agus fiú amháin éisc na farraige féin,rachaidh siad i léig.
4 Ach ina dhiaidh sin féin,ná cúisítear aon duine den choitiantacht,ná cuirtear iomardú air,óir is tusa, a shagairt, is mian liom a chúisiú.
5 Bainfear tuisle asat i lár an lae ghil,(tuisleoidh an fáidh mar aon leat san oíche)agus dítheoidh mé do mháthair.
6 Cheal eolais tá mo phobal á ndíothú.Ó chaith tusa uait an t‑eolas,caithfidh mise uaim thú as mo shagartacht;agus ó lig tusa teagasc do Dhé i ndíchuimhne,ligfidh mise do chlann i ndíchuimhne chomh maith.