4 Ach ina dhiaidh sin féin,ná cúisítear aon duine den choitiantacht,ná cuirtear iomardú air,óir is tusa, a shagairt, is mian liom a chúisiú.
5 Bainfear tuisle asat i lár an lae ghil,(tuisleoidh an fáidh mar aon leat san oíche)agus dítheoidh mé do mháthair.
6 Cheal eolais tá mo phobal á ndíothú.Ó chaith tusa uait an t‑eolas,caithfidh mise uaim thú as mo shagartacht;agus ó lig tusa teagasc do Dhé i ndíchuimhne,ligfidh mise do chlann i ndíchuimhne chomh maith.
7 Dá líonmhaire iad is ea is mó a pheacaíonn siad i m'aghaidh;malartóidh mise a nglóir ar an náire.
8 Is é peaca mo phobail a chothaíonn iad,agus is ina urchóid siúd atá mian a gcroí.
9 Caithfear leis an sagart mar a chaithfear leis an bpobal;óir cúiteoidh mé leo a ndrochbhéasa,agróidh mé a n‑ainghníomhartha orthu.
10 Íosfaidh siad ach ní bheidh a ndóthain acu;déanfaidh siad róstriapachas ach ní mhéadófar ar a líon,mar tá siad tar éis an Tiarna a thréigean,