7 Dá líonmhaire iad is ea is mó a pheacaíonn siad i m'aghaidh;malartóidh mise a nglóir ar an náire.
8 Is é peaca mo phobail a chothaíonn iad,agus is ina urchóid siúd atá mian a gcroí.
9 Caithfear leis an sagart mar a chaithfear leis an bpobal;óir cúiteoidh mé leo a ndrochbhéasa,agróidh mé a n‑ainghníomhartha orthu.
10 Íosfaidh siad ach ní bheidh a ndóthain acu;déanfaidh siad róstriapachas ach ní mhéadófar ar a líon,mar tá siad tar éis an Tiarna a thréigean,
11 chun a saol uile a chaitheamh le drúis.Is é an t‑úrfhíon a bheireann an chiall ó mo phobal.
12 Iarrann siad comhairle ar a smut adhmaid,agus is é an cuaille acu a thugann faisnéis dóibh;go deimhin, is dúil sa striapachas a chuireann ar seachrán iad,agus is de dheasca striapachaisa d'éirigh siad as bheith faoina nDia féin.
13 Ar mhullaí na sléibhte ofrálann siad íobairtí,agus dónn siad túis ar na beannafaoin dair agus faoin stóracs agus faoin teiribint,mar gur taitneamhach a scáth.Is dá dheasca sin a théann bhur n‑iníonacha le striapachas,agus a dhéanann mná céile bhur mac adhaltranas.