1 Tugaigí aird air seo, a shagarta!Éistigí, a theaghlaigh Iosrael!A theaghlaigh an rí, cuirigí cluas oraibh!Óir is é bhur gcúramsa an ceart a chosaint.Ach dol ba ea sibh i Miozpá,agus líon leata ar Thábór,
2 agus tá poll domhain tochailte acu i Sitím.Is mise áfach an té a smachtóidh iad go léir.
3 Is aithnid dom Eafráim,níl Iosrael folaithe uaim;ach faoi láthair tá Eafráim ina striapach,agus Iosrael truaillithe.
4 Ní ligeann a ngníomhartha dóibh filleadh ar a nDia,óir tá dúil a gcroí acu sa striapachas,agus ní aithnid dóibh an Tiarna.